An Toilean Ur

歌词
Rinne mé smaointiú i m'intinn
Is lean mé dó go cinnte
Go n-éalóinn ó mo mhuintir
Anonn chun 'Oileáin Úir
Tá mé ag déanamh impí
Ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa
Mo choinneáil ó gach tubaiste
Go gcríochnóinn mo shiúl
Shiúil mé fiche míle
'S níor casadh orm Críostaí
Capall, bó nó caora ag déanamh
Inghilt ar an fhéar
Coillte dlúth' is gleanntáin
Agus búirtheach beithigh allta
Fir is mná gan tant orthu
A chasfá fá do mhéar
Tharla isteach i dteach mé
Is casadh orm daoine
D'fhiafraigh siad mo ainmse
Cén tír inar tógadh mé
Dúirt mé leo i mBéarla
Gur tógadh mé in Éirinn
Láimh le Loch Eirne
I gCoillidh Lios na Raoch
Bhí seanbhean insan chlúdaigh
Is stocaí ar a glúiní
D'éirigh sí go lúcháireach
Agus chraith sí liomsa lámh
"Sheacht mh'anam, fear mo thíre
Thar a bhfaca mé ariamh de dhaoine
Nár tógadh mise in Éirinn
I mBaile Lios Béal Áinetha"
Rinne mé smaointiú i m'intinn
Is lean mé dó go cinnte
Go bpillfinn ar ais go hÉirinn
An áit a sínfí mé faoin chlár
Mar a bhfaighfinn lucht mo chaointe
Is an t-aos óg atá lách aoibhinn
A chaithfeadh liomsa an oíche
Agus páirt mhór den lá
专辑信息
1.Morning Dew
2.Nil Se Ina La
3.Thios Chois Na tra Domh
4.Brian Boru's March
5.Siobhan Ni Dhuibhir
6.An Mhaighdean Mara
7.Liza
8.An Toilean Ur
9.Mrs. Mcdermott
10.The Pretty Maid
11.An Phairc
12.Harvest Home
13.An Bealach Seo 'Ta Romham